Speisialtóirí Tacaíochta Tionscadal - Bonneagar | Project Support Specialists - Infrastructure

Apply now
Is sinne na daoine atá taobh thiar d’eangach leictreachais na hÉireann. Ach ní hé sin go léir, táimid anois ag athrú an chórais cumhachta do na glúine atá le teacht. Táimid ag díriú ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar iontaofacht. An timpeallacht oibre atá againn, tá sí dúshlánach, gluaiseann sí go tapa, tá sí comhoibritheach agus tá sí dírithe ar an bhfoireann. Is í an fheidhmíocht, an t-eolas agus an fhorbairt leanúnach a thiomáineann ár gcultúr. Agus níl ansin ach tús ár scéil. Táimid anois ag athrú an chórais chumhachta do na glúine atá le teacht.

Ní raibh cuma chomh spreagúil riamh cheana ar ár dtodhchaí. Agus is deis iontach é seo a bheith mar chuid di. Tá an domhan réidh le hathrú. Má tá tú chomh maith, déan teagmháil linn.

An Deis Ghairme

Tá an Oifig Bhonneagair freagrach as treorú a dhéanamh ar fhorbairt agus seachadadh an chórais cumhachta, mar aon leis na cláir infheistíochta idirnaisc, i gcomhar le comhpháirtithe, custaiméirí agus pobail.

Táimid sa tóir faoi láthair ar Speisialtóir Tacaíochta Tionscadal chun tascanna na bpríomhfheidhmeannas laistigh dár nOifig Bhonneagair ar Talamh a chomhordú chun aschur tacaíochta a sheachadadh agus chun monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn clár agus chun ullmhacht iniúchta rialachais a chinntiú sna réimsí seo a leanas;

Custaiméirí & Caidreamh

Innealtóireacht & Bainistíocht Sócmhainní

Tionscadail Líonra na hÉireann

Mar Speisialtóir Tacaíochta Tionscadal, beidh tú ag cuidiú le bainistíocht tionscadal agus chlár na sruthanna oibre laistigh den Fheidhmeannas Custaiméirí & Caidreamh, Innealtóireacht & Bainistíocht Sócmhainní nó Tionscadail Líonra na hÉireann. Áirítear leis seo cuidiú le forbairt tionscadal agus le spriocanna tionscadal, ó thionscnamh na dtionscadal go dtí go gcuirtear i bhfeidhm iad agus go dtí a gcríoch.

Beidh tú ag tacú leis an ullmhúchán/leis an gcomhordú a bhaineann le príomhthuairiscí, cur i láthair, straitéisí agus aighneachtaí, chomh maith le táirgí insoláthartha a bhaineann le tionscadail bhonneagair á mbainistiú ag an bhfoireann nó ag comhairleoirí seachtracha.

Forbróidh tú Cláir Microsoft Project, tuairiscí agus cuntais ar rioscaí agus ar fhadhbanna ag úsáid Microsoft Project agus Excel agus díreoidh tú ar fhoréilimh cheannaigh in Microsoft Dynamics Ax ar son na foirne.

Beimid ag brath ort le haghaidh tacaíochta leis an gcomhéadan custaiméir / tionscal, lena n-áirítear cruinnithe maidir le dul chun cinn, tuairisciú, bainistíocht chaidreamh, comhordú agus cumarsáid go ginearálta.

Cothóidh tú caidreamh ar fud na Stiúrthóireachta agus an chuideachta agus beidh tú ag tacú le grúpaí oibre tras-fheidhmeannais de réir mar is cuí.

Beidh ort réitigh fhéideartha ar rioscaí agus ar fhadhbanna a n-eascraíonn as tionscadail a shainaithint, a mheas agus a fhorbairt do bhaill shinsearacha na foirne agus na bainistíochta.

Beimid ag brath ort chun tacú leis na Cinn Foirne agus Ceann Feidhmeannais chun obair a eagrú a chuideoidh linn ár spriocanna a bhaint amach go rathúil, agus chun tacú le comhordú agus bainistíocht a ndéantar ar chomhairleoirí tionscadail seachtracha eile.

An Fhoireann

Tá an Oifig Bhonneagair ar Talamh freagrach as stáisiúin ardvoltais nua agus tionscadail chiorcaid mar aon le tionscadail uasghrádaithe agus athchóirithe ar an líonra reatha. Bainistíonn sí na tionscadail seo ón gcéim choincheapúil, trí chéim na féidearthachta, trí mheasúnacht ar phleanáil reachtúil agus toiliú go dtí an t-aistriú don mhiondearadh agus céim na tógála.

Maidir leatsa

Bíodh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:

  • Cáilíocht tríú leibhéal ábhartha nó a comhionann i dtaithí chuí.
  • 2 - 4 bhliain ar a laghad de thaithí phroifisiúnta ar ualach oibre a bhainistiú agus ar thuairiscí a fhorbairt agus a scríobh.
  • Scileanna láidre bainistíochta tionscadal.
  • Cumas cruthaithe anailíse agus fadhbréitigh.
  • Scileanna láidre cumarsáide le béim ar scríobh éifeachtach tuairiscí agus cumas fadhbanna teicniúla a chur in iúl go soiléir agus go héifeachtach.

Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in Eirgrid. Aithnímid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.

We are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.

And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.

Be part of the transformation!

The Opportunity

The Infrastructure Onshore Office leads the development and delivery of the power system and interconnection investment programmes in collaboration with partners, customers & communities.

We now seek a Project Support Specialist to coordinate the tasks of key functions within our Infrastructure Onshore Office to deliver supporting outputs and to monitor and report on programme progress and ensure governance audit readiness in the following areas;

Customers & Connections

Engineering & Asset Management

Network Projects Ireland

As Project Support Specialist, you will assist in the project and programme management of workstreams within the Customers & Connection, Engineering & Asset Management or Network Projects Ireland functions. This will include assisting in the development of projects and project objectives, from project initiation to implementation and completion.

You will support the preparation and/or coordination into key reports, presentations, strategies, and submissions, as well as deliverables relating to infrastructure projects that are managed by the team or external consultants.

You will develop Microsoft Project Programmes, reports and risk and issue logs using Microsoft project and excel as well as raise purchase requisitions in Microsoft Dynamics Ax on behalf of team.

We will look to you support with the customer / industry interface, including progress meetings, reporting, relationship management, coordination, and general communication.

You will build and develop relationships across the Directorate and company and support cross-functional working groups as appropriate.

You will Identify, evaluate, and develop possible solutions to risks and issues arising on projects and escalating as necessary to senior members of the team and management.

We will look to you to support the Team Leads and Head of Function in organising work to successfully deliver on our goals as well as support the coordination and management of other external project consultants.

The Team

The Infrastructure Onshore Office is responsible for new HV stations and circuit projects as well as upgrade and refurbishment projects on the existing network. Managing these projects from conceptual phase, through feasibility, statutory planning assessment and consent to handover for detailed design and construction phase.

About You

Successful candidates will have:

  • A relevant third level qualification or equivalent experience.
  • At least 2 - 4 years professional experience of managing workload and development and writing of reports.
  • Strong project management skills.
  • Proven analytical and problem-solving ability.
  • Strong communication skills with an emphasis on effective report writing with an ability to communicate technical issues clearly and effectively.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document).

Closing date for applications

28th November 2025

We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.

As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.