Bainisteoir um Chomhtháthú Margaí Amach Anseo - Manager - Market Strategy - Future Markets

Apply now
Tá ról faoi leith ag Grúpa EirGrid sa chlaochlú radacach ar ár gcóras cumhachta mar chuid den aistriú chuig an bhfuinneamh inathnuaite. Teastóidh iarrachtaí ceannródaíochta innealtóireachta chun é seo a bhaint amach, agus acmhainn mhéadaithe TF chun freagairt go héifeachtach do scála an bhunathraithe seo. Fágann sé seo go bhfuil deis iontach ann do ghairm TF a fhorbairt agus ról tábhachtach a imirt i gclaochlú TF Ghrúpa EirGrid.

Is gnó muid a chuireann an bhéim ar chúrsaí TF, agus cuireann muid córais speisialaithe den chéad scoth, atá riachtanach dár ngnó, ar fáil 24/7.

Agus muid ag bogadh i dtreo an fhuinnimh ísealcharbóin amach anseo, tá deis anseo do’anailísí gnó an-tionchar a imirt mar chuid dár bhfoireann Phortfóilió agus Rannpháirtíochta TF.

Cuspóir an Róil

Tá foireann na Margaí Cumhachta Amach Anseo freagrach as ceannaireacht smaoinimh a sholáthar maidir le hathruithe sa mhargadh a theastaíonn chun na spriocanna leictreachais in-athnuaite a bhaint amach agus tá sí freagrach freisin as cláir mhóra oibre a sholáthar chun athruithe arna gceadú ag na húdaráis rialála a bhaint amach.

Tá roinnt príomhthionscadal á gcur i gcrích ag an bhfoireann faoi láthair, lena n-áirítear;

  • Sceidealú agus Seoladh (S&S): Tá athruithe dearaidh á bhforbairt ag an tionscadal seo ar ár gcroíchórais mhargaidh agus oibríochtúla chun athruithe a bhaineann le cóireáil foinsí in-athnuaite fuinnimh seolta neamhthosaíochta a shainmhínítear sa Phacáiste Fuinnimh Ghlain a bhaint amach, feabhsuithe a dhéanamh ar sheoladh gaoithe, agus nuashonruithe ar an bpróiseas sceidealaithe agus seolta chun réitigh nua stórála fuinnimh, foinsí ísealcharbóin táimhe, agus soláthar cúlchistí agus seirbhísí córas ó theicneolaíochtaí nua a ionchorprú.
  • Socruithe Amach Anseo do Sheirbhísí Córais (SAASC): Tá socruithe nua á bhforbairt ag an tionscadal seo chun Seirbhísí Córais nuálacha a sholáthar a bheidh ríthábhachtach chun athrú oibríochtúil a éascú, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann an córas cumhachta a oibriú le leibhéil teicneolaíochtaí ísealcharbóin atá ag éirí níos airde agus chun ár spriocanna fuinnimh in-athnuaite do 2030 a bhaint amach;
  • Lánpháirtiú na hEorpa: Ó tharla an Breatimeacht, níl an margadh leictreachais uile-oileáin comhtháite leis an Aontas a thuilleadh. A luaithe a bheidh an tIdirnascaire Ceilteach beo in 2026, beidh muid comhtháite leis an Aontas arís agus beidh athruithe suntasacha ar an margadh ag teastáil chuige sin.
  • Margadh Leictreachais Aonair (SEM) - Socruithe GB Tá margadh SEM idirnasctha le margadh GB. Tá obair fós ar siúl chun socruithe iar-Breatimeachta a fhorbairt lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar athruithe ar struchtúr mhargaí na Breataine Móire agus gníomhú ina leith.
  • Aistriú iomaíoch an mhargaidh chuig an nGlan-Nialasacht: Tacú le forbairt an bheartais leictreachais chun glanastaíochtaí nialasacha carbóin a bhaint amach faoi 2050, i gcomhar leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) agus leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC).
  • Stóráil Fhadtréimhseach Fuinnimh: Imscrúdú a dhéanamh ar na roghanna atá ann le haghaidh meicníocht mhargaidh chun stóráil fuinnimh fhadtréimhseach a dhreasú.
  • Forbairt an Mhargaidh Acmhainneachta: An tacaíocht atá á tabhairt ag an OTC don Mheicníocht Luacha Saothair Acmhainneachta, i gcomhar leis an tionscal, rialtóirí agus páirtithe leasmhara, a threorú
  • Polasaí Taraifí: Forbairt socruithe polasaí taraifí nua a threorú agus an fhreagairt ar threoir AE maidir le taraifí agus cur chuige maidir le laghdú táillí gréasáin a threorú

Chomh maith leis na tionscadail seo seachadann an fhoireann ceannaireacht smaoinimh agus comhairle don chuid eile den ghnó maidir le príomhathruithe margaidh a theastaíonn chun tacú le spriocanna an rialtais 80% de RES-E a fháil faoi 2030 agus fócas freisin ar athruithe sa mhargadh chun glan-nialasacht carbóin a bhaint amach.

Mar gheall ar nádúr uathúil an mhargaidh leictreachais uile-oileáin tá ár bhfoireann ag réiteach dúshláin sula mbíonn taithí acu in áiteanna eile ar domhan. Dá bhrí sin, is deis uathúil é seo chun oibriú i gcomhar le saineolaithe ceannródaíocha domhanda agus ról lárnach a bheith againn inár n-aistriú chuig todhchaí fuinnimh atá slán agus ísealcharbóin.

Príomhfhreagrachtaí

Foireann dhinimiciúil atá i bhFoireann na Margaí Amach Anseo a bunaíodh chun Clár oibre ilbhliantúil a sheachadadh. Is é feidhm na foirne príomh-mhodhnuithe a sholáthar a theastaíonn le haghaidh chórais agus phróisis EirGrid chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht an Aontais mar a leagtar amach i Rialachán CEP 2019/943 Airteagail 12 agus 13 agus chun tacú le spriocanna na hÉireann agus Thuaisceart Éireann maidir le gníomhú ar son na haeráide agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a bhaint amach.

Treoróidh An Bainisteoir Straitéise Margaí Forbairt Straitéiseach Socruithe Margaidh Leictreachais Amach Anseo, Múnlóidh Sé/sí Pleananna Éabhlóide Margaidhilbhliantúla, Agus Oibreoidh Sé/sí i Ndlúthchomhar Le Comhlachtaí Rialála Agus Le Páirtithe Leasmhara Sa Tionscal Chun a Chinntiú Go Bhfuil An Margadh In Ann Déileáil Le Córas Cumhachta Ardtaifigh, Solúbtha Agus Slán. Is Iad Príomhghnéithe An Róil Seo

Straitéis & Pleanáil Ilbhliana Margaí

  • Pleananna éabhlóide margaidh ilbhliantúlaa stiúradh a bheidh ailínithe le polasaí náisiúnta, creataí rialála Eorpacha agus riachtanais chórais.
  • Scanadh ionchais a dhéanamh chun treochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint mar aon le hathruithe polasaí agus forbairtí teicneolaíochta atá ábhartha do dhearadh margaidh amach anseo.
  • Cásanna agus roghanna straitéiseacha fadtéarmacha a fhorbairtchun tacú le cinnteoireacht feidmiúcháin.
  • Ionchur trasfheidhmiúil a chomhordú (margaí, oibríochtaí córais, idirnasc, solúbthacht, nuálaíocht, rialáil, tráchtáil).

Conairí Rialúcháin & Straitéis Rannpháirtíochta

  • Anailís a dhéanamh ar chreataí rialála atá ann cheana agus atá ar tí a bheith ar fáil, agus bearnaí, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le feabhsuithe margaidh a shainaithint.
  • Riachtanais straitéiseacha a aistriú go dtí tograí rialála agus oibriú le Gnóthaí Rialála chun tionchar a imirt ar thorthaí.
  • Ábhair a ullmhú le haghaidh aighneachtaí rialála, comhairliúcháin agus plé polasaíardleibhéil.
  • Caidreamh láidir a bhunú le príomhpháirtithe leasmhara seachtracha (rialtóirí, ranna rialtais, comhlachtaí Eorpacha, grúpaí tionscail).

Solúbthacht & Forbairt Teicneolaíochtaí atá ag Teacht chun Cinn

  • Measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha margaidh agus rialála a theastaíonn chun réitigh sholúbthachta a scálú cosúil le freagairt don éileamh, stóráil, sócmhainní hibrideacha agus acmhainní fuinnimh dáilte.
  • Meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras agus ar thionchair mhargaidh teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear ardáin dhigiteacha, barrfheabhsú IS-chumasaithe, stóráil fuinnimh fhadtréimhseach agus réitigh chúplála earnála.
  • Bacainní ar iontráil mhargaidh a shainaithint agus meicníochtaí a mholadh chun infheistíocht agus rannpháirtíocht ó theicneolaíochtaí nuálacha a chumasú.
  • Oibriú i ndlúthchomhar le foirne pleanála nuálaíochta agus córais chun ailíniú a chinntiú idir dearadh margaidh agus na riachtanais chórais a bheidh ann amach anseo.

Anailís Straitéiseach & Léargais

  • Léargas, seisiúin faisnéise agus measúnuithe ardleibhéilstraitéiseacha, ar ardchaighdeán, a chur ar fáil don fhoireann ceannaireachta shinsearach.
  • Samhlacha, creataí nó modheolaíochtaí struchtúrtha a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe margaidh, roghanna rialála nó ullmhacht teicneolaíochta.
  • Tagarmharcáil a dhéanamh i gcomparáid le dea-chleachtais idirnáisiúnta agus le héabhlóid mhargaidh i gcórais inchomparáide.

Bainistíocht Páirtithe Leasmhara & Ceannaireacht

  • Pleanáil, eagrú agus éascú ceardlann maidir le Margaí Amach Anseo a stiúradh in éineacht leis an tionscal, lena n-áirítear soláthraithe, gineadóirí, soláthraithe teicneolaíochta, úsáideoirí móra fuinnimh, infheisteoirí agus comhlachtaí ionadaíocha.
  • Ábhair chumarsáide shoiléire a fhorbairt lena n-áirítear cur i láthair, páipéir faisnéise, treoracha plé ina sonraítear fís agus treo straitéiseach margaí amach anseo na heagraíochta.
  • Cinnteofar go mbeidh coincheapa dearaidh margaidh casta á n-aistriú go dtí teachtaireachtaí soiléire, inrochtana do pháirtithe leasmhara a bhfuil leibhéil éagsúla d’eolas teicniúil acu.
  • Feidhmeoidh sé/sí mar phríomhurlabhraí le haghaidh sruthanna oibre margaí amach anseo, déanfaidh sé/sí cur i láthair ag imeachtaí tionscail, comhdhálacha agus fóraim rialála.
  • Forbróidh sé/sí caidreamh láidir a bheidh bunaithe ar mhuinínle rannpháirtithe tionscail chun a chinntiú go dtarlaíonn rannpháirtíocht thrédhearcach, chuiditheach maidir le hathruithe margaidh.
  • Baileoidh sé/sí aiseolas ó pháirtithe leasmhara agus cinnteoidh sé/sí go mbeidh sé mar bhonn le forbairt straitéise inmheánach agus tograí rialála.

Ceannaireacht Inmheánach & Comhoibriú Trasfheidhmiúil

  • Feidhmeoidh sé/sí mar cheannaire smaointeoireachta straitéiseach laistigh den eagraíocht, agus cuirfidh sé/sí tuiscint ar an treo margaidh fadtéarmachchun cinn.
  • Beidh meithleacha trasfheidhmiúlaagus coistí stiúrtha a bhaineann le héabhlóid mhargaidh á stiúradh aige/aici.
  • Tacóidh sé/sí le pacáistí faisnéise, scéalta margaidh agus straitéisí cumarsáide seachtracha.

Feidhmeoidh sé/sí mar mheantóir do bhaill foirne shóisearacha agus tacóidh sé/sí le cultúr foirne a bhreathnaíonn chun cinn.

Saineolas, Scileanna agus Taithí

  • Céim ábhartha tríú leibhéal san Innealtóireacht, san eacnamaíocht nó sa ghnó le 6 bliana ar a laghad de thionscal an chórais chumhachta agus saineolas agus taithí ar an margadh leictreachais;
  • Neart taithí ar mhargaí leictreachais, dearadh margaidh, rialáil fuinnimh nó pleanáil córais.
  • Cumas cruthaithe chun pleananna straitéiseacha, ilbhliantúlaa fhorbairt i dtimpeallachtaí margaidh casta.
  • Taithí ar a bheith i mbun rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara ag leibhéil shinsearacha ar fud an tionscail, an rialtais nó le comhlachtaí rialála.
  • Sárscileanna cur i láthair, cumarsáide agus éascaíochta lena n-áirítear taithí ar cheardlanna nó ar chomhairliúcháin a reáchtáil.
  • An cumas chun saincheisteanna casta a shimpliú agus eolas a roinnt go soiléir le pobail theicniúla agus neamhtheicniúla.
  • Cumas láidir anailíseach agus coincheapúil.
  • An cumas chun foirne ilfheidhmiúlaa bhainistiú nó chun cláir straitéiseacha a stiúradh.
  • Taithí ar chaidrimh éifeachtacha a bhunú agus a chothú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha;
  • Scileanna idirphearsanta agus cumas oibriú mar chuid d’fhoireann agus as do stuaim féin.

Caidrimh Oibre

Ag tuairisciú don Gréasáin na Margaí Amach Anseo

Dáta Druidte Le Haghaidh Iarratas

10/04/2026

Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil.

Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid

Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú in EirGrid. Aithnímid an neart a thagann ó fhórsa saothair éagsúil a bheith ann agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil chun go mbainfidh ár bpobal i gcoitinne barr a gcumais amach. Dearadh ár ngréasáin éagsúlachta agus ionchuimsithe chun cultúr ionchumsitheach a chruthú chun go mbeidh braistint chómhuintearais ag ár bpobal uile ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó gach cineál cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.

EirGrid Group has a unique role to play in leading this radical transformation of our power system in support of the transition to renewable energy. This will require pioneering engineering effort together with highly secure IT capability to respond successfully to the scale of disruption. This offers a unique opportunity to further your career in cybersecurity while playing a significant role in protecting critical national infrastructure.

We’re an IT intensive business, and we operate a state-of-the-art, specialised business-critical systems, 24/7. Our future has never looked more exciting and this is an incredible opportunity to be part of it. The world is ready for change. If you are too, join us. 

Job Purpose

The Future Power Markets team is responsible for providing thought leadership in relation to market changes needed to deliver on the renewable electricity targets and is also responsible for delivering large programmes of work to deliver on changes approved by the regulatory authorities.

There are currently a number of key projects which the team is delivering on including;

  • Scheduling and Dispatch (SDP): This project is developing design changes to our core market and operational systems to deliver on changes associated with the treatment of non-priority dispatch renewables defined in the Clean Energy Package, making improvements on wind dispatch, and updates to scheduling and dispatch process to incorporate new energy storage solutions, low carbon sources of inertia, and the provision of reserves and systems services from new technologies.
  • Future Arrangements for System Services (FASS): This project is developing new arrangements for the procurement of innovative System Services which will be vital in facilitating operational change which will allow the power system to be operated with increasingly high levels of low carbon technologies and in achieving our 2030 renewables targets;
  • European Integration: Since Brexit the all-island electricity market is no longer integrated with the EU. Once the Celtic Interconnector goes live in 2026, we will be integrated once again to the EU and this will require significant market changes.
  • Single Electricity Market (SEM)—GB Arrangements: The SEM market is interconnected with the GB market. Work is ongoing to develop post-Brexit arrangements which includes monitoring of and acting on changes to the structure of the GB markets.
  • Competitive market transition to Net Zero: Support the development of electricity policy in achieving net zero carbon emissions by 2050, in conjunction with the Commission for Regulation of Utilities (CRU) and Department of the Environment, Climate and Communications (DCEE).
  • Long Duration Energy Storage: Investigating the options for a market mechanism to incentivise long duration energy storage.
  • Capacity Market Development: Lead the TSO support of the Capacity Remuneration Mechanism, in collaboration with industry, regulators and stakeholders
  • Tariff Policy: Lead the development of new tariff policy arrangements and co-ordinate the response to EU guidance on tariffication and approaches to reducing network charges

In addition to these projects the team delivers thought leadership and advice to the rest of the business around key market changes needed to support the government targets of getting 80% of RES-E by 2030 and also a focus on market changes to deliver on net carbon zero.

Due to the unique nature of the all-island electricity market our team are solving challenges before they are experienced elsewhere in the world. This is therefore a unique opportunity to work alongside world leading experts and play a key role in our transition to a secure and low carbon energy future.

Key Responsibilities

The Future Markets team is a dynamic team which has been set up to deliver a multi-year programme of work. The team’s function is to deliver key modifications required for EirGrid’s systems and processes to ensure compliance with EU legislation as set out in CEP Regulation 2019/943 Articles 12 & 13 and to support the delivery of Ireland and Northern Ireland’s climate action and renewables targets.

Role

The Markets Strategy Manager will lead the strategic development of future electricity market arrangements, shape multi‑year market evolution plans, and work closely with regulatory bodies and industry stakeholders to ensure the market is equipped for a high‑RES, flexible and secure power system. Key features of this role are to:

MultiYear Market Strategy & Planning

  • Lead the development of multi‑year market evolution plans aligned with national policy, European regulatory frameworks, and system needs.
  • Conduct horizon scanning to identify emerging trends, policy shifts, and technology developments relevant to future market design.
  • Develop scenarios and long‑term strategic options to support executive decision‑making.
  • Coordinate cross‑functional input (markets, system operations, interconnection, flexibility, innovation, regulatory, commercial).

Regulatory Pathways & Engagement Strategy

  • Analyse existing and upcoming regulatory frameworks, identifying gaps, risks and opportunities for market enhancements.
  • Translate strategic needs into regulatory proposals and work with Regulatory Affairs to influence outcomes.
  • Prepare materials for regulatory submissions, consultations, and high‑level policy discussions.
  • Build strong relationships with key external stakeholders (regulators, government departments, European bodies, industry groups).

Flexibility & Emerging Technology Development

  • Assess the market and regulatory conditions required to scale flexibility solutions such as demand-side response, storage, hybrid assets, and distributed energy resources.
  • Evaluate the system and market impacts of new technologies, including digital platforms, AI-enabled optimisation, long duration energy storage, and sector coupling solutions.
  • Identify barriers to market entry and propose mechanisms to enable investment and participation from innovative technologies.
  • Work closely with innovation and system planning teams to ensure alignment between market design and future system needs.

Strategic Analysis & Insights

  • Produce high‑quality strategic insights, briefings, and market assessments for senior leadership.
  • Develop models, frameworks or structured methodologies for evaluating market changes, regulatory options and technology readiness.
  • Benchmark against international best practices and market evolutions in comparable systems.

Stakeholder Management & Leadership

  • Lead the planning, organisation and facilitation of Future Markets workshops with industry, including suppliers, generators, technology providers, large energy users, investors and representative bodies.
  • Develop clear communication materials including presentations, briefing papers, discussion guides that articulate the organisation’s future markets vision and strategic direction.
  • Ensure complex market design concepts are translated into clear, accessible messages for stakeholders with varying levels of technical knowledge.
  • Serve as a key spokesperson for future markets workstreams, presenting at industry events, conferences and regulatory forums.
  • Build strong, trust‑based relationships with industry participants to ensure transparent, constructive engagement on market changes.
  • Capture stakeholder feedback and ensure it informs internal strategy development and regulatory proposals.

Internal Leadership & CrossFunctional Collaboration

  • Act as a strategic thought leader within the organisation, promoting understanding of long‑term market direction.
  • Lead cross‑functional working groups and steering committees related to market evolution.
  • Support senior leaders with briefing packs, market narratives and external communication strategies.
  • Mentor junior team members and promote a collaborative, forward‑looking team culture.

Knowledge, Skills, And Experience

  • Relevant third level degree in Engineering, economics or business with a minimum of 6 years power system industry and electricity market expertise and experience;
  • Strong experience in electricity markets, market design, energy regulation or system planning.
  • Demonstrated ability to develop strategic, multi‑year plans in complex market environments.
  • Experience engaging with stakeholders at senior levels across industry, government or regulatory bodies.
  • Excellent presentation, communication and facilitation skills including experience running workshops or consultations.
  • Ability to simplify complex issues and communicate clearly to technical and non‑technical audiences.
  • Strong analytical and conceptual capability.
  • Ability to manage cross‑functional teams or lead strategic programmes.
  • Experience in establishing and maintaining effective relationships with internal and external stakeholders;
  • Excellent interpersonal skills and a proven ability to work effectively as part of a team.

Job Relationships

Reporting to the Head of Future Markets

Closing Date For Applications

10/04/2026

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.

EirGrid is an Equal Opportunities Employer

We value potential as much as experience. If you believe you can succeed in this role, we encourage you to apply, even if you don’t meet every requirement.

We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.

As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.